Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 9:18-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Ach nuair nach ndeachaigh aon mhaolú ar a phianta de bhrí go raibh breithiúnas Dé ag luí air le lán an chirt, chaill sé gach dóchas ina thaobh féin, agus scríobh sé litir mar leanas chun na nGiúdach i bhfoirm achainí; seo mar a ghabh an litir:

19. Cuireann Aintíochas rí agus ceannasaí a bheannachtaí líonmhara agus a dhea-mhéin dá mbeatha dá sláinte agus dá gconách chuig a shaoránaigh chóra, na Giúdaigh.

20. Má tá sibh féin agus bhur gclann ar fónamh agus bhur gcúraimí ar bhur dtoil agaibh, táim an-sásta. Ós rud é gur as neamh atá mo mhuinín,

21. is cuimhin liom bhur ndea-mheas orm agus bhur ndea-thoil, le gean. Ar mo shlí ar ais ó dhúiche na Peirse bhuail galar gránna mé agus shíl mé nárbh fholáir dom féachaint chun slándáil choiteann cách.

22. Níl aon éadóchas orm faoi mo staid ach mé ag súil leis go láidir go dtiocfaidh mé slán ón ngalar;

23. ach rinne mé mo mhachnamh ar conas mar a dhéanadh m'athair comharba air féin a ainmniú nuair a bhíodh sé ar aigne aige feachtas a dhéanamh faoi na hardáin,

24. i dtreo, dá dtarlódh tubaiste éigin gan choinne, nó dá bhfaighfí aon drochscéala, go mbeadh a fhios ag muintir na tíre cé a d'fhágfaí i bhfeighil an rialtais agus nach mbeidís buartha;

25. is maith atá a fhios agam freisin conas mar atá na flatha ar mo theorainn agus comharsana mo ríochta ag faire na faille agus ag feitheamh féachaint cad a tharlódh. Cheap mé mo mhac Aintíochas, dá bhrí sin, ina rí, fear a thaobhaigh mé libh agus a mhol mé do bhur bhformhór go minic agus mé ag cur chun bealaigh chun na gcúigí uachtair; tá cóip de mo litir chuige siúd ag gabháil léi seo.

26. Táim á thathant oraibh dá bhrí sin, agus á impí oraibh, cuimhneamh ar na comaoineacha, idir phoiblí agus phríobháideach, a cuireadh oraibh, agus leanúint oraibh, gach duine agaibh, agus dea-mhéin a bheith agaibh i mo leithse agus i leith mo mhic.

27. Mar tá a fhios agam go gcloífidh sé le mo pholasaí agus go mbeidh sé measartha cneasta libh.

28. Ar fhulaingt na bpianta ba ghéire dá bhrí sin don dúnmharfóir agus don diamhaslóir seo, pianta den sórt a d'fhulaing daoine eile faoina lámha, tháinig críoch lena ré trí chinniúint róthruamhéileach i measc na sléibhte i dtír iasachta.

29. Thug a chompánach Pilib a chorp ar ais, ach ansin theith sé chun na hÉigipte, go cúirt Ptoilimí Fileomaetór, le heagla roimh mhac Aintíochas.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 9