Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 9:11-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ansin nuair a bhí a mhisneach teipthe air, chrom sé ar a lán den uabhar a chur de agus thosaigh a chiall ag teacht dó faoi sciúirse Dé mar bhí sé á chiapadh ag pianta gan staonadh.

12. Nuair nárbh fhéidir leis féin fiú amháin cur suas lena bholadh, dúirt sé: “Sé an ceart é géilleadh do Dhia, agus níor chóir d'aon daonnaí bheith ag dréim le bheith ar aon chéim le Dia.”

13. Ansin chrom an cneámhaire ar ghuí chun an Mháistir nach mbeadh trua aige a thuilleadh dó, á mhóidiú

14. go ndéanfadh sé an chathair naofa, a raibh sé ag brostú chun a scartála ó bhonn agus ollreilig a dhéanamh di, a fhógairt ina cathair shaor;

15. agus maidir leis na Giúdaigh, an mhuintir nár shíl sé ab fhiú a chur i gcré, ach arbh áil leis a chaitheamh mar aon lena leanaí chun na n‑ainmhithe allta, le halpadh ag na héin, go gcuirfeadh sé ar chomhchéim le saoránaigh na hAithine iad;

16. go ndéanfadh sé an sanctóir a chreach sé tráth a mhaisiú le togha na n‑ofrálacha; go ndéanfadh sé na soithí beannaithe, gach ceann díobh, a chúiteamh arís agus arís eile; go n‑íocfadh sé costais na n‑íobairtí as a theacht isteach pearsanta féin;

17. agus mar bharr air sin go léir go n‑iompódh sé ina Ghiúdach agus dtabharfadh sé turas ar gach áit ina raibh cónaí ar dhaoine le cumhacht Dé a fhógairt.

18. Ach nuair nach ndeachaigh aon mhaolú ar a phianta de bhrí go raibh breithiúnas Dé ag luí air le lán an chirt, chaill sé gach dóchas ina thaobh féin, agus scríobh sé litir mar leanas chun na nGiúdach i bhfoirm achainí; seo mar a ghabh an litir:

19. Cuireann Aintíochas rí agus ceannasaí a bheannachtaí líonmhara agus a dhea-mhéin dá mbeatha dá sláinte agus dá gconách chuig a shaoránaigh chóra, na Giúdaigh.

20. Má tá sibh féin agus bhur gclann ar fónamh agus bhur gcúraimí ar bhur dtoil agaibh, táim an-sásta. Ós rud é gur as neamh atá mo mhuinín,

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 9