Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 9:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Um an dtaca sin tharla go raibh Aintíochas tar éis cúlú ar mhí-eagar ó chríocha na Peirse.

2. Ghabh sé isteach sa chathair ar a dtugtar Peirsipoil agus rinne sé iarracht ar na teampaill a robáil agus smacht a fháil ar an gcathair. Uime sin ghabh na daoine a n‑airm chucu agus bhrostaigh i gcabhair i dtreo gur bhris na háitritheoirí ar Aintíochas agus gurbh éigean dó teitheadh leis faoi náire.

3. Nuair a shroich sé Eacbatana chuala sé cad a tharla do Niocánór agus do shluaite Thiomóid.

4. Tháinig fraoch feirge air, agus bheartaigh sé go mbainfeadh sé sásamh as na Giúdaigh ar son na hurchóide a rinne an dream a chuir an teitheadh air féin. D'ordaigh sé dá ara dá bhrí sin tiomáint ar aghaidh gan stad nó go gcuirfeadh sé a aistear de. Ach chuaigh breithiúnas neimhe ina choimhdeacht, mar dúirt sé le teann díomais: “Déanfaidh mé ollreilig do na Giúdaigh de Iarúsailéim nuair a shroichfidh mé é.”

5. Ach Dia Iosrael, an Tiarna a fheiceann gach ní, bhuail sé é le buille doleighiste dofheicthe. Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a bhuail pian doleighiste é sa chliabhrach agus a ghabh íona géara é sna hionathair -

6. agus ní raibh ansin ach lán an chirt ina chás siúd mar gurb iomaí slí inar chéas sé cliabhraigh dhaoine eile le pianta aisteacha.

7. Ach níor mhaolaigh sé aon phioc ar a dhíomas, ach bhorr sé le breis uabhair agus bagarthaí bladhmannacha ag teacht as a bhéal le barr feirge leis na Giúdaigh agus é á ordú aige brostú ar aghaidh. Ansin go tobann caitheadh as a charbad é agus é faoi lánsiúl agus bhí an titim chomh crua sin gur chéas sé gach cnámh ina chorp.

8. Ar an gcuma sin an té a mheas le barr díomais mhídhaonna ó chianaibhín go bhféadfadh sé ordú a chur ar thonnta na farraige, agus na sléibhte arda a thomhas i meá, leagadh chun láir agus lántalún é agus bhí sé á iompar ar eileatrom, rud a d'fhógair cumhacht Dé go soiléir do chách,

9. sa mhéid go raibh corp an éagráifigh ar snámh le cruimheanna, agus gur lobh a fheoil agus é beo fós á chrá agus á phianadh, agus gur chuir an boladh lofa uaidh déistean ar an arm go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 9