Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 5:4-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Bhí gach duine ag guí, dá réir sin, gur rud éigin fónta a bheadh á thuar ag an taispeántas.

5. Nuair a leath ráfla bréagach go raibh Aintíochas marbh, thug Iásón leis míle fear nó breis agus thug sé ionsaí faoin gcathair go tobann. Nuair a tiomáineadh siar na saighdiúirí ó na ballaí agus gur gabhadh an chathair, geall leis, theith Meanalás chun an Dúnfoirt ar lorg dídine.

6. Ach lean Iásón air ag déanamh áir agus eirligh ar a chomhshaoránaigh, gan a thuiscint gur barr mí-áidh é bua a bhreith ar do mhuintir féin, ach á cheapadh go raibh sé ag cur suas trofaethe bua ar naimhde in áit bua ar a mhuintir féin.

7. Níor tháinig sé i gcumhacht, áfach, agus ní raibh ar deireadh aige ach aithis de bharr a cheilge, agus theith sé arís go críocha na nAmónach.

8. Bhuail tubaiste é ar deireadh a chúrsa urchóide; cúisíodh os comhair Aratas, rialtóir na nArabach, é; theith sé ó chathair go cathair, agus cách ar a thóir; bhí an ghráin air mar cheannairceach in aghaidh na ndlíthe, agus an dearg-ghráin air mar fhear fionaíola ar a thír dhúchais agus ar a mhuintir féin; caitheadh i dtír san Éigipt é.

9. An té úd a thiomáin a lán chun deoraíochta óna dtír féin, fuair sé bás ar deoraíocht tar éis dó cur chun bealaigh chun na Lacadaemónach ag súil le dídean a fháil de bharr a ghaoil leo.

10. An té úd a chaith a lán corp amach le fágáil gan cur, fágadh é gan fear a chaointe, gan gnása adhlactha, gan áit i dtuama a shinsear.

11. Nuair a fuair an rí scéala faoinar tharla, thuig sé as go raibh ceannairc déanta ag Iúdáia. Tháinig fraoch feirge ar a chroí agus chuir sé chun bealaigh ón Éigipt agus ghabh sé an chathair de ruathar.

12. Ansin d'ordaigh sé dá shaighdiúirí gach duine dá mbuailfeadh leo a threascairt gan taise gan trócaire, agus ár a dhéanamh ar gach duine a theithfeadh abhaile.

13. Imríodh lámh dhearg ar óg agus ar aosta, rinneadh eirleach ar mhná agus ar leanaí, agus ár ar mhaighdeana agus ar naíonáin.

14. In imeacht trí lánlá scriosadh ochtó míle duine - básaíodh daichead míle i ngráscar lámh, agus díoladh mar dhaoir líon nár lú ná ar básaíodh.

15. Níor leor le hAintíochas an méid sin gan a bheith de dhánaíocht ann dul isteach sa Teampall is naofa ar domhan, faoi stiúir Mheanalás a raibh idir dhlíthe agus thír dhúchais braite aige.

16. Thóg sé leis na soithí naofa ina lámha coirpe; sciob sé chun siúil lena lámha míghlana na hofrálacha móide a rinne ríthe eile le honóir agus glóir a thabhairt don áit.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 5