Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 5:11-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Nuair a fuair an rí scéala faoinar tharla, thuig sé as go raibh ceannairc déanta ag Iúdáia. Tháinig fraoch feirge ar a chroí agus chuir sé chun bealaigh ón Éigipt agus ghabh sé an chathair de ruathar.

12. Ansin d'ordaigh sé dá shaighdiúirí gach duine dá mbuailfeadh leo a threascairt gan taise gan trócaire, agus ár a dhéanamh ar gach duine a theithfeadh abhaile.

13. Imríodh lámh dhearg ar óg agus ar aosta, rinneadh eirleach ar mhná agus ar leanaí, agus ár ar mhaighdeana agus ar naíonáin.

14. In imeacht trí lánlá scriosadh ochtó míle duine - básaíodh daichead míle i ngráscar lámh, agus díoladh mar dhaoir líon nár lú ná ar básaíodh.

15. Níor leor le hAintíochas an méid sin gan a bheith de dhánaíocht ann dul isteach sa Teampall is naofa ar domhan, faoi stiúir Mheanalás a raibh idir dhlíthe agus thír dhúchais braite aige.

16. Thóg sé leis na soithí naofa ina lámha coirpe; sciob sé chun siúil lena lámha míghlana na hofrálacha móide a rinne ríthe eile le honóir agus glóir a thabhairt don áit.

17. Bhí an oiread sin éirí in airde ar Aintíochas nár thug sé faoi deara gur fearg aonuaire a bhí ar an Tiarna le lucht na cathrach, agus nár thug sé aird dá bharrsan ar an áit naofa.

18. Ach dá mbeadh sé i gceist nach raibh siad i ngreim ag mórán peacaí, dhéanfaí an fear seo a sciúrsáil agus a iompú ar ais óna ghníomh baoth, dála Héiliodóras a sheol Seiliúcas rí leis an gciste a spiúnadh.

19. Ach níor thogh an Tiarna an pobal ar son na háite naofa ach an áit naofa ar son an phobail.

20. Uime sin bhí an áit féin páirteach sna tubaistí a bhain don phobal, agus bhí sé páirteach ina dhiaidh sin ina gconách; tréigeadh é le linn fhearg an Uilechumhachtaigh, ach athshuíodh in iomláine a ghlóire é nuair a rinneadh síocháin arís leis an ArdFhlaith.

21. Rug Aintíochas ocht gcéad déag tallann leis ón Teampall agus bhrostaigh leis go dtí Aintíoch; bhí an oiread sin éirí in airde air gur shíl sé go bhféadfadh sé seoladh ar talamh agus siúl ar muir bhí sé chomh huaillmhianach sin.

22. D'fhág sé gobharnóirí leis an bpobal a chiapadh - Pilib in Iarúsailéim; Frigeach eisean ó dhúchas, ach duine ba bharbara meon fiú ná an té a cheap é;

23. Andronacas i nGirizím; agus seachas iad san, Meanalás a bhí ag tiarnú ar a chomhshaoránaigh níos mó ná an chuid eile. De bharr a naimhdis leis na saoránaigh Ghiúdacha,

24. chuir Aintíochas Apollóinias, ceannasaí na Miseach, le harm dhá mhíle fichead fear agus d'ordaigh dó na haosánaigh go léir a mharú agus na mná agus na leanaí go léir a dhíol mar dhaoir.

25. Nuair a shroich an fear seo Iarúsailéim, lig sé air gurbh fhear síochána é agus d'fhan sé go dtí lá naofa na sabóide; ansin, nuair nach raibh na Giúdaigh ag obair, d'ordaigh sé dá chuid fear máirseáil in arm agus in éide.

26. D'imir sé faobhar claímh ar gach duine a tháinig amach le hiad a fheiceáil agus ansin rinne sé ruathar isteach sa chathair lena fhir armtha agus mharaigh sé a lán daoine.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 5