40. Bhí an slua ag bagairt agus ag borradh le fearg agus chuir Lisimeachas airm i lámha timpeall trí mhíle fear agus rinne ionsaí éagórach faoi cheannas Auranas áirithe, fear a bhí anonn sa bhaois faoi mar a bhí san aois.
41. Nuair a thug [na Giúdaigh] ionsaí Lisimeachas faoi deara, rug cuid acu ar chlocha, a thuilleadh ar bhloic adhmaid, a thuilleadh ar luaithreach a bhí timpeall agus chaith na nithe sin go léir le Lisimeachas agus a chuid fear ina rúille búille.
42. B'í críoch a bhí leis sin ná gur ghoineadar a lán acu, gur mharaíodar a thuilleadh, agus gur chuireadar an teitheadh orthu go léir, agus gur mharaíodar creachaire an Teampaill féin lámh leis an gciste.
43. Cuireadh an dlí ar Mheanalás i dtaobh na heachtra seo.
44. Nuair a tháinig an rí chun na Tuíre, chuir triúr, a sheol an seanad, an cás in iúl ina láthair.
45. Bhí a chás caillte geall leis ag Meanalás cheana féin, ach gheall sé breab mhór do Ptoilimí mac Dhoiriminéas, leis an rí a mhealladh ar a thaobh.
46. Thug Ptoilimí an rí i leataobh faoi cholúnra, ag lorg aeir, mar dhea, agus d'áitigh air a aigne a athrú.
47. Meanalás, cúis an oilc seo go léir, lig sé saor é ó na cúiseanna a bhí á gcur ina leith; ach na hainniseoirí mí-ámharacha a scaoilfí saor gan daoradh fiú dá mba i láthair na Scíotach a bheadh a gcúis á plé, dhaor sé chun báis iad.