Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 4:38-50 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

38. Tháinig cuthach feirge air, bhain an fhallaing chorcra d'Andronacas, srac de a éide, agus sheol ar fud na cathrach go léir é chun na háite céanna díreach inar leag sé lámh dhearg aindiagaithe ar Oinias agus mharaigh sé an dúnmharathóir ansiúd. Ar an gcuma sin chúitigh an Tiarna é leis an bpionós a bhí tuillte aige.

39. Bhí a lán coireanna diamhaslacha déanta sa chathair ag Lisimeachas le cúlchead Mheanalás, agus nuair a leath faisnéis fúthu i measc na ndaoine, d'éirigh an pobal amach in aghaidh Lisimeachas, mar bhí mórán de na hárais óir goidte cheana féin aige.

40. Bhí an slua ag bagairt agus ag borradh le fearg agus chuir Lisimeachas airm i lámha timpeall trí mhíle fear agus rinne ionsaí éagórach faoi cheannas Auranas áirithe, fear a bhí anonn sa bhaois faoi mar a bhí san aois.

41. Nuair a thug [na Giúdaigh] ionsaí Lisimeachas faoi deara, rug cuid acu ar chlocha, a thuilleadh ar bhloic adhmaid, a thuilleadh ar luaithreach a bhí timpeall agus chaith na nithe sin go léir le Lisimeachas agus a chuid fear ina rúille búille.

42. B'í críoch a bhí leis sin ná gur ghoineadar a lán acu, gur mharaíodar a thuilleadh, agus gur chuireadar an teitheadh orthu go léir, agus gur mharaíodar creachaire an Teampaill féin lámh leis an gciste.

43. Cuireadh an dlí ar Mheanalás i dtaobh na heachtra seo.

44. Nuair a tháinig an rí chun na Tuíre, chuir triúr, a sheol an seanad, an cás in iúl ina láthair.

45. Bhí a chás caillte geall leis ag Meanalás cheana féin, ach gheall sé breab mhór do Ptoilimí mac Dhoiriminéas, leis an rí a mhealladh ar a thaobh.

46. Thug Ptoilimí an rí i leataobh faoi cholúnra, ag lorg aeir, mar dhea, agus d'áitigh air a aigne a athrú.

47. Meanalás, cúis an oilc seo go léir, lig sé saor é ó na cúiseanna a bhí á gcur ina leith; ach na hainniseoirí mí-ámharacha a scaoilfí saor gan daoradh fiú dá mba i láthair na Scíotach a bheadh a gcúis á plé, dhaor sé chun báis iad.

48. Ba ghearr an mhoill a bhí ann ag cur an phionóis éagóraigh sin i bhfeidhm ar an muintir a chosain cúis na cathrach, na tuaithe, agus na soithí naofa.

49. D'adhain an choir a leithéid sin de ghráin i gcroí na dTuíreach gur chaith siad go fial lena dtórramh.

50. Ach de bharr saint an lucht údaráis d'fhan Meanalás i gceannas, ag dul chun cinn i gcoirpeacht agus é bunaithe mar phríomhchealgaire in aghaidh a chomhshaoránach.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 4