Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 4:29-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. D'fhág Meanalás a dheartháir féin Lisimeachas ina dhiaidh mar leas-ardsagart, agus d'fhág Sóstrátas Crátaes ceannaire na gCipireach ina áit sin.

30. Fad a bhí na nithe sin go léir ar siúl, rinne muintir Thairsís agus Mhallas ceannairc mar gur tugadh a gcathracha mar bhronntanas do Aintíochais bean luí an rí.

31. D'imigh an rí leis faoi dheifir chun an scéal a leigheas, agus d'fhág sé Andronacas, fear ardghradaim, le bheith mar fhear ionaid aige.

32. Thapaigh Meanalás ar a dheis, mar a shíl sé, agus ghoid sé cuid d'árais óir an Teampaill agus bhronn sé ar Andronacas iad; agus dhíol sé a thuilleadh leis an Tuír agus leis na cathracha máguaird.

33. Nuair a fuair Oinias fianaise chinnte ar an méid sin, chuaigh sé i leataobh go tearmann láimh le Dafnae i gcóngar Aintíoch agus ansin d'fhógair sé an scéal don saol mór.

34. Ghlaoigh Meanalás i leataobh ar Andronacas dá bhrí sin agus ghriog é chun Oinias a chur chun báis. Chuaigh [Andronacas] go hOinias, agus le barr fill thug briathra móide agus a lámh dheas mar ghealltanas dó agus d'áitigh air teacht as a thearmann d'ainneoin a amhrais; ansin chuir sé chun báis ar an toirt é, gan aird ar an gcóir.

35. Dá bharrsan bhí uafás agus míshásamh ní amháin ar na Giúdaigh ach ar a lán de na náisiún eile chomh maith de bharr bású éagórach an duine seo.

36. Nuair a d'fhill an rí ó chríocha na Siléise rinne na Giúdaigh sa chathair, agus na Gréagaigh ar chomghráin leo an choir, achainí air faoi mharú gan chiall Oinias.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 4