Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 4:22-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Chuir Iásón agus an chathair fáilte spleodrach roimhe agus glacadh leis le solas lóchrann agus gártha daoine. Ansin ghluais sé ón áit sin isteach i bhFéinícia.

23. Tar éis trí bliana chuir Iásón uaidh Meanalás, deartháir do Shíomón a luamar, chun an t‑airgead a thabhairt don rí agus a shocruithe faoina lán nithe tábhachtacha a ráthú.

24. Ach nuair a tugadh eisean i láthair an rí rinne sé é féin a iompar chomh bladarach móréiseach cumhacht sin, gur bhain sé amach an ardsagartacht dó féin, agus trí chéad tallann airgid de bhreis á ofráil aige thar mar a bhí ag Iásón.

25. D'fhill seisean agus údarás an rí aige, ach gan aon cháilíocht le haghaidh na hardsagartachta aige, ach drochmhianach tíoránaigh chruálaigh agus cuthach ainmhí allta.

26. Iásón, fear a chantáil ar a dheartháir, chantáil fear eile anois air féin, agus tiomáineadh mar dhíbeartach é isteach i gcríocha Amón.

27. Maidir le Meanalás, d'fhan sé san oifig, ach níor dhíol sé aon chuid den airgead a gealladh don rí go rialta,

28. cé go mbíodh Sóstrátas, ceann feadhna an Dúnfoirt, arbh é a chúram na dleachta a bhailiú, ag éileamh díolacháin. Glaodh orthu araon dá bharrsan i láthair an rí.

29. D'fhág Meanalás a dheartháir féin Lisimeachas ina dhiaidh mar leas-ardsagart, agus d'fhág Sóstrátas Crátaes ceannaire na gCipireach ina áit sin.

30. Fad a bhí na nithe sin go léir ar siúl, rinne muintir Thairsís agus Mhallas ceannairc mar gur tugadh a gcathracha mar bhronntanas do Aintíochais bean luí an rí.

31. D'imigh an rí leis faoi dheifir chun an scéal a leigheas, agus d'fhág sé Andronacas, fear ardghradaim, le bheith mar fhear ionaid aige.

32. Thapaigh Meanalás ar a dheis, mar a shíl sé, agus ghoid sé cuid d'árais óir an Teampaill agus bhronn sé ar Andronacas iad; agus dhíol sé a thuilleadh leis an Tuír agus leis na cathracha máguaird.

33. Nuair a fuair Oinias fianaise chinnte ar an méid sin, chuaigh sé i leataobh go tearmann láimh le Dafnae i gcóngar Aintíoch agus ansin d'fhógair sé an scéal don saol mór.

34. Ghlaoigh Meanalás i leataobh ar Andronacas dá bhrí sin agus ghriog é chun Oinias a chur chun báis. Chuaigh [Andronacas] go hOinias, agus le barr fill thug briathra móide agus a lámh dheas mar ghealltanas dó agus d'áitigh air teacht as a thearmann d'ainneoin a amhrais; ansin chuir sé chun báis ar an toirt é, gan aird ar an gcóir.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 4