Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 4:17-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Óir ní aon dóichín é na dlíthe diaga a mhaslú, rud a nochtfaidh an ré atá romhainn.

18. Le linn na gcluichí cúig bliana sa Tuír, agus an rí i láthair,

19. chuir Iásón suarach saoránaigh Aintíochaigh thofa mar thoscairí oifigiúla ó Iarúsailéim, le trí chéad drachma airgid don íobairt do Earcail. Ach an mhuintir a bhí ag iompar an airgid, shíl siad nár chóir é a chaitheamh ar an íobairt, rud nár chuí, ach é a chaitheamh ar ghnó éigin eile.

20. An t‑airgead seo dá bhrí sin a bhí ar aigne ag an té a sheol é a chaitheamh leis an íobairt d'Earcail, cuireadh ansin le tógail tríréimí é mar a bheartaigh an mhuintir a rinne é a iompar.

21. Nuair a cuireadh Apollóinias mac Mhineastaes go dtí an Éigipt le bheith i láthair ag corónú an rí Fiolomaetór, fuair Aintíochas amach go raibh [Fiolomaetór] éirithe naimhdeach lena cheannas agus chrom sé ar a bheith ag déanamh cúraim dá shlándáil féin. Ar shroicheadh Iopa dó, dá bhrí sin, ghabh sé ar aghaidh go Iarúsailéim.

22. Chuir Iásón agus an chathair fáilte spleodrach roimhe agus glacadh leis le solas lóchrann agus gártha daoine. Ansin ghluais sé ón áit sin isteach i bhFéinícia.

23. Tar éis trí bliana chuir Iásón uaidh Meanalás, deartháir do Shíomón a luamar, chun an t‑airgead a thabhairt don rí agus a shocruithe faoina lán nithe tábhachtacha a ráthú.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 4