Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 4:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Níorbh aon ardsagart é Iásón ach coirpeach, agus ní raibh aon teorainn lena ropaireacht, i dtreo go ndeachaigh an heilléanú agus an aithris ar bhéasa iasachta chomh fada sin,

14. nach raibh spéis a thuilleadh ag na sagairt i seirbhísí na haltóra. Le beagmheas ar an sanctóir, thug siad cúl leis na híobairtí le fonn a bheith páirteach sna cleachtaí mídhleathacha ar fhaiche na hiomrascála a luaithe is a ghlaoití chun an dioscais.

15. Ba bheag é a meas ar na gradaim ar a raibh urraim ag a sinsir, ach bhí ardmheas acu ar chéimeanna onóra na Heilléanach.

16. Ach thug sé sin go léir an tubaiste sa mhullach orthu, agus an dream a raibh an oiread sin meas acu ar a mbéasa is ar a saol, agus gurbh fhonn leo aithris a dhéanamh orthu i ngach slí, is iad a bhí acu mar naimhde agus mar ghéarleantóirí.

17. Óir ní aon dóichín é na dlíthe diaga a mhaslú, rud a nochtfaidh an ré atá romhainn.

18. Le linn na gcluichí cúig bliana sa Tuír, agus an rí i láthair,

19. chuir Iásón suarach saoránaigh Aintíochaigh thofa mar thoscairí oifigiúla ó Iarúsailéim, le trí chéad drachma airgid don íobairt do Earcail. Ach an mhuintir a bhí ag iompar an airgid, shíl siad nár chóir é a chaitheamh ar an íobairt, rud nár chuí, ach é a chaitheamh ar ghnó éigin eile.

20. An t‑airgead seo dá bhrí sin a bhí ar aigne ag an té a sheol é a chaitheamh leis an íobairt d'Earcail, cuireadh ansin le tógail tríréimí é mar a bheartaigh an mhuintir a rinne é a iompar.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 4