Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 4:11-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Chuir sé ar ceal na lámháltais a bhí ag na Giúdaigh ag an am ón rí, lámhaltais a deonaíodh trí Eoin mac Eopolamos, fear a chuaigh ar thoscaireacht le cairdeas agus conradh a dhéanamh leis na Rómhánaigh; scrios sé an bhéascna dhleathach agus thug sé isteach nósanna nua a bhí bunoscionn leis an dlí.

12. Ní raibh aon mhoill air fiú giomnáisiam a thógáil faoi bhun an Dúnfoirt agus an hata leathan a chur á chaitheamh ag togha na n‑ógánach.

13. Níorbh aon ardsagart é Iásón ach coirpeach, agus ní raibh aon teorainn lena ropaireacht, i dtreo go ndeachaigh an heilléanú agus an aithris ar bhéasa iasachta chomh fada sin,

14. nach raibh spéis a thuilleadh ag na sagairt i seirbhísí na haltóra. Le beagmheas ar an sanctóir, thug siad cúl leis na híobairtí le fonn a bheith páirteach sna cleachtaí mídhleathacha ar fhaiche na hiomrascála a luaithe is a ghlaoití chun an dioscais.

15. Ba bheag é a meas ar na gradaim ar a raibh urraim ag a sinsir, ach bhí ardmheas acu ar chéimeanna onóra na Heilléanach.

16. Ach thug sé sin go léir an tubaiste sa mhullach orthu, agus an dream a raibh an oiread sin meas acu ar a mbéasa is ar a saol, agus gurbh fhonn leo aithris a dhéanamh orthu i ngach slí, is iad a bhí acu mar naimhde agus mar ghéarleantóirí.

17. Óir ní aon dóichín é na dlíthe diaga a mhaslú, rud a nochtfaidh an ré atá romhainn.

18. Le linn na gcluichí cúig bliana sa Tuír, agus an rí i láthair,

19. chuir Iásón suarach saoránaigh Aintíochaigh thofa mar thoscairí oifigiúla ó Iarúsailéim, le trí chéad drachma airgid don íobairt do Earcail. Ach an mhuintir a bhí ag iompar an airgid, shíl siad nár chóir é a chaitheamh ar an íobairt, rud nár chuí, ach é a chaitheamh ar ghnó éigin eile.

20. An t‑airgead seo dá bhrí sin a bhí ar aigne ag an té a sheol é a chaitheamh leis an íobairt d'Earcail, cuireadh ansin le tógail tríréimí é mar a bheartaigh an mhuintir a rinne é a iompar.

21. Nuair a cuireadh Apollóinias mac Mhineastaes go dtí an Éigipt le bheith i láthair ag corónú an rí Fiolomaetór, fuair Aintíochas amach go raibh [Fiolomaetór] éirithe naimhdeach lena cheannas agus chrom sé ar a bheith ag déanamh cúraim dá shlándáil féin. Ar shroicheadh Iopa dó, dá bhrí sin, ghabh sé ar aghaidh go Iarúsailéim.

22. Chuir Iásón agus an chathair fáilte spleodrach roimhe agus glacadh leis le solas lóchrann agus gártha daoine. Ansin ghluais sé ón áit sin isteach i bhFéinícia.

23. Tar éis trí bliana chuir Iásón uaidh Meanalás, deartháir do Shíomón a luamar, chun an t‑airgead a thabhairt don rí agus a shocruithe faoina lán nithe tábhachtacha a ráthú.

24. Ach nuair a tugadh eisean i láthair an rí rinne sé é féin a iompar chomh bladarach móréiseach cumhacht sin, gur bhain sé amach an ardsagartacht dó féin, agus trí chéad tallann airgid de bhreis á ofráil aige thar mar a bhí ag Iásón.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 4