Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 3:5-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Nuair a theip air Oinias a shárú, d'imigh leis go Apollóinias mhic Thairséas a bhí faoin am sin ina cheannasaí ar Choíle Síre agus ar Fhéinícia,

6. agus thug mar scéala dó go raibh an ciste in Iarúsailéim ag cur thar maoil le hairgead, go raibh an oiread sin síntiús á dtabhairt nach raibh áireamh ar an iomlán, agus nár bhain sé le cuntas na n‑íobairtí ach gurbh fhéidir é a theacht faoi smacht an rí.

7. Bhuail Apollóinias leis an rí agus d'inis sé dó faoin airgead a raibh cloiste aige faoi. Thogh an rí Héiliodóras, a sheansailéir, agus sheol é le treoracha leis an airgead a luamar a bhreith chun siúil.

8. Chuir Héiliodóras chun bealaigh gan mhoill le fiosrú a dhéanamh, mar dhea, ar chathracha Choíle Síre agus Féinícia, ach dáiríre d'fhonn cuspóir an rí a chur i gcrích.

9. Tar éis dó Iarúsailéim a bhaint amach agus fáilte fhial a fháil ón ardsagart [agus ón] gcathair, d'inis sé cén scéala a fuarthas agus nocht dá réir sin cad a thug ann é agus d'fhiafraigh an mar sin a bhí dáiríre.

10. Mhínigh an t‑ardsagart go raibh ciste áirithe curtha i leataobh do bhaintreacha agus do dhílleachtaí,

11. agus airgead chomh maith a bhain le Hiorcánas mac Thóibias, fear a bhí in ardghradam, ach nach raibh ann in iomláine ach ceithre chéad tallann airgid agus dhá chéad tallann óir murab ionann agus a ndúirt Síomón coirpeach go bréagach.

12. Dúirt sé freisin go raibh sé as an áireamh éagóir a dhéanamh orthu siúd a chuir a muinín i naofacht na háite agus i mbeannaitheacht agus i dtearmann an Teampaill atá faoi urraim ar fud an domhain mhóir.

13. Ach dúirt Héiliodóras nár mhór, cibé scéal é, an t‑airgead sin a ghabháil do chiste an rí de bharr na dtreoracha a bhí aige ón rí.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 3