Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 3:28-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. agus rug leo é - an fear céanna seo a ghabh isteach sa chiste, a luamar, lena lucht coimhdeachta líonmhar agus lena gharda cosanta go léir, ach nárbh fhéidir dó cabhrú leis féin anois; d'admhaigh siad go hoscailte cumhacht mhullaigh Dé.

29. Bhí Héiliodóras ar lár gan urlabhra gan aon súil lena théarnamh de bharr lámh Dé a luí air,

30. agus na Giúdaigh ag moladh an Tiarna a thug glóir go míorúilteach dá áit naofa féin. An Teampall a bhí ó chianaibhín lán de scanradh agus de bhuaireamh, bhí sé anois ar sceith le háthas agus le lúcháir mar gur thaibhsigh an Tiarna uilechumhachtach.

31. D'impigh cuid de chompánaigh Héiliodóras gan mhoill ar Oinias glaoch ar an Té is Airde agus fad saoil a thabhairt don duine úd agus é ar an dé deiridh.

32. Bhí eagla ar an ardsagart go mbeadh an rí in amhras go raibh feall éigin déanta ag na Giúdaigh ar Héiliodóras agus d'ofráil sé íobairt ar mhaithe lena shláinte.

33. Nuair a bhí an t‑ardsagart ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh, thaibhsigh na fir chéanna arís do Héiliodóras, an éide chéanna orthu, agus iad ina seasamh taobh leis. Dúirt siad: “Bíodh an-bhuíochas agat don ardsagart Oinias mar is ar a shonsan a bhronn an Tiarna fad saoil ort.

34. Agus ós rud é gur sciúrsáladh ó neamh thú, fógair don saol mór cumhacht ghlórmhar Dé.” Nuair a bhí an méid sin ráite acu d'imíodar as radharc.

35. D'ofráil Héiliodóras íobairt don Tiarna ansin, rinne móideanna móra do chaomhnóir a anama, d'fhág slán ag Oinias, agus chuir chun bealaigh ar ais go dtí an rí lena armáil.

36. Thug sé fianaise os ard do chách ar ghníomhartha Dé mhóir a chonaic sé lena shúile cinn.

37. Nuair a d'fhiafraigh an rí de Héiliodóras cén sort duine a d'oirfeadh a chur go Iarúsailéim turas eile, d'fhreagair sé:

38. “Má tá namhaid agat, nó duine atá ag déanamh ceilge in aghaidh do rialtais, cuir ann é; agus fillfidh sé ar ais ort, agus sciúrsáil chruthaithe faighte aige, má thugann sé na cosa leis ar aon chor, mar is cinnte go bhfuil cumhacht éigin ó Dhia timpeall na háite sin.

39. An té a bhfuil a áitreabh sna flaithis, is cinnte go bhfuil súil aige ar an áit sin agus tagann sé i gcabhair air, agus leagann ar lár agus scriosann an mhuintir a thagann le hurchóid a dhéanamh dó.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 3