Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 3:21-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ba thruamhéileach an rud é an pobal go léir a fheiceáil á gcaitheamh féin ar an talamh agus an buaireamh a bhí ar an ardsagart le teann imní.

22. Fad a bhíodar ag glaoch ar an Tiarna uilechumhachtach na taiscí a chumhdach le barr sábháilteachta do lucht a dtaiscthe,

23. chuaigh Héiliodóras i mbun an ghnó a bhí ceaptha.

24. Nuair a shroich sé an ciste lena gharda cosanta, rinne Tiarna na spiorad agus na cumhachta a leithéid de thaispeántas gur chuir cumhacht Dé scéin ar an muintir go léir a raibh sé de dhánaíocht acu dul leis, agus gur tháinig scanradh agus uafás orthu.

25. Dhealraigh dóibh each a bhí gafa go taibhseach, agus marcach scanrúil cló, ar a mhuin; thug sé ruathar buile faoi Héiliodóras agus bhuail é lena chrúba tosaigh. Bhí, de réir dealraimh, éide agus airm óir ag an marcach.

26. Thaibhsigh beirt óglach eile dó freisin, fir le neart éachtach agus le maise ghlórmhar snó agus éide, agus sheas siad ar gach taobh de agus bhí á lascadh gan staonadh, ag bualadh buille ar bhuille air.

27. Thit sé ar an talamh go tobann agus tháinig néal dorcha air; ansin d'ardaigh a chuid fear é agus chuir ar eileatram é,

28. agus rug leo é - an fear céanna seo a ghabh isteach sa chiste, a luamar, lena lucht coimhdeachta líonmhar agus lena gharda cosanta go léir, ach nárbh fhéidir dó cabhrú leis féin anois; d'admhaigh siad go hoscailte cumhacht mhullaigh Dé.

29. Bhí Héiliodóras ar lár gan urlabhra gan aon súil lena théarnamh de bharr lámh Dé a luí air,

30. agus na Giúdaigh ag moladh an Tiarna a thug glóir go míorúilteach dá áit naofa féin. An Teampall a bhí ó chianaibhín lán de scanradh agus de bhuaireamh, bhí sé anois ar sceith le háthas agus le lúcháir mar gur thaibhsigh an Tiarna uilechumhachtach.

31. D'impigh cuid de chompánaigh Héiliodóras gan mhoill ar Oinias glaoch ar an Té is Airde agus fad saoil a thabhairt don duine úd agus é ar an dé deiridh.

32. Bhí eagla ar an ardsagart go mbeadh an rí in amhras go raibh feall éigin déanta ag na Giúdaigh ar Héiliodóras agus d'ofráil sé íobairt ar mhaithe lena shláinte.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 3