Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 3:17-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ghabh eagla agus ballchrith chomh mór sin an fear go mba léir don mhuintir a chonaic é cad é buaireamh a luigh ar a chroí.

18. Rinne na daoine ruathar as a dtithe ina sluaite agus é ar aigne acu impí choiteann a dhéanamh mar go raibh masla á bhagairt ar an áit naofa.

19. Bhí mná ag brúchtaíl ar fud na sráideanna agus éadach róin faoina gcíocha orthu. An méid de na maighdeana a bhí á gcoimeád istigh, ritheadar le chéile, cuid acu chun na ndoirse, cuid eile acu chun ballaí na cathrach, agus bhí a thuilleadh acu ag gliúcaíl trí na fuinneoga;

20. bhí a lámha sínte i dtreo na bhflaitheas acu go léir agus iad ag impí.

21. Ba thruamhéileach an rud é an pobal go léir a fheiceáil á gcaitheamh féin ar an talamh agus an buaireamh a bhí ar an ardsagart le teann imní.

22. Fad a bhíodar ag glaoch ar an Tiarna uilechumhachtach na taiscí a chumhdach le barr sábháilteachta do lucht a dtaiscthe,

23. chuaigh Héiliodóras i mbun an ghnó a bhí ceaptha.

24. Nuair a shroich sé an ciste lena gharda cosanta, rinne Tiarna na spiorad agus na cumhachta a leithéid de thaispeántas gur chuir cumhacht Dé scéin ar an muintir go léir a raibh sé de dhánaíocht acu dul leis, agus gur tháinig scanradh agus uafás orthu.

25. Dhealraigh dóibh each a bhí gafa go taibhseach, agus marcach scanrúil cló, ar a mhuin; thug sé ruathar buile faoi Héiliodóras agus bhuail é lena chrúba tosaigh. Bhí, de réir dealraimh, éide agus airm óir ag an marcach.

26. Thaibhsigh beirt óglach eile dó freisin, fir le neart éachtach agus le maise ghlórmhar snó agus éide, agus sheas siad ar gach taobh de agus bhí á lascadh gan staonadh, ag bualadh buille ar bhuille air.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 3