12. Dúirt sé freisin go raibh sé as an áireamh éagóir a dhéanamh orthu siúd a chuir a muinín i naofacht na háite agus i mbeannaitheacht agus i dtearmann an Teampaill atá faoi urraim ar fud an domhain mhóir.
13. Ach dúirt Héiliodóras nár mhór, cibé scéal é, an t‑airgead sin a ghabháil do chiste an rí de bharr na dtreoracha a bhí aige ón rí.
14. Shocraigh sé lá don ghnó dá bhrí sin agus chuaigh isteach le maoirseacht a dhéanamh ar an maoin á hiniúchadh. Bhí corrabhuais ar an gcathair go léir.
15. Chaith na sagairt iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla os comhair na haltóra agus a n‑éidí sagairt orthu, agus ghlaodar chun neimhe ar údar an dlí faoi na taiscí, á impí air iad a choimeád slán do lucht a dtaiscthe.
16. Ba ghoin go croí féachaint ar an ardsagart, agus a bhuairt aigne á nochtadh san athrú ina dhreach agus ina chuntanós.