Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 15:35-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Chroch sé ceann Niocánór ón Dúnfort, mar a raibh sé ina chomhartha soiléir suntasach ag cách ar chabhair an Tiarna.

36. Rith siad go léir reacht d'aonghuth le vóta poiblí nach ligfí an lá sin thart gan ceiliúradh go deo, ach an tríú lá déag den dara mí déag - ar a dtugtar Adár sa tSíris - a chomóradh an lá roimh lá Mhordacaí.

37. Mar sin a bhí cúrsaí ag Niocánór, agus ón tráth úd tá an chathair i lámha na nEabhrach. Scoirfidh mise de mo scéal anseo.

38. Má tá sé inste go slachtmhar tomhaiste, níl ansin ach mar a chuir mé romham; mura bhfuil sé ach leathchuíosach gan slacht, sin a raibh ar mo chumas.

39. Faoi mar atá sé díobhálach fíon a ól leis féin, nó arís uisce a ól leis féin, ach gur milis dea-bhlasta é an fíon measctha le huisce, agus go méadaíonn sé sásamh an duine ann, ar an gcuma chéanna is í stíl na hinste a thugann taitneamh do chluasa lucht léite saothair. Ní beag sin.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 15