Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 15:29-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Ansin bhí geoin agus glisiam agus mhol siad an Tiarna ina dteanga dhúchais.

30. An té a chaith é féin go hiomlán, idir anam agus chorp, ag cosaint a mhuintire féin, agus a choinnigh slán an cion a bhí aige óna óige ar a chine féin, d'ordaigh sé dóibh ceann Niocánór a theascadh de, mar aon lena láimh agus lena ghualainn, agus iad a bhreith go Iarúsailéim.

31. Nuair a shroich sé an áit sin, ghlaoigh sé le chéile ar a mhuintir, chuir na sagairt ina seasamh os comhair na haltóra, agus chuir fios ar lucht an Dúnfoirt.

32. Thaispeáin sé ceann Niocánór na táire dóibh, agus lámh an diasmhaslaitheora úd a síneadh go huallach in aghaidh theach naofa an Uilechumhachtaigh.

33. Ansin ghearr sé amach teanga Niocánór na héagráifeachta agus dúirt go gcaithfeadh sé í smut ar smut chun na n‑éan, agus go gcrochfaí luach saothair a dhíth céille os comhair an Teampaill.

34. Ansin, ag féachaint chun na bhflaitheas dóibh, bheannaigh siad uile an Tiarna, a thaispeáin é féin, á rá: “Moladh leis an té sin a choinnigh a áit féin gan truailliú.”

35. Chroch sé ceann Niocánór ón Dúnfort, mar a raibh sé ina chomhartha soiléir suntasach ag cách ar chabhair an Tiarna.

36. Rith siad go léir reacht d'aonghuth le vóta poiblí nach ligfí an lá sin thart gan ceiliúradh go deo, ach an tríú lá déag den dara mí déag - ar a dtugtar Adár sa tSíris - a chomóradh an lá roimh lá Mhordacaí.

37. Mar sin a bhí cúrsaí ag Niocánór, agus ón tráth úd tá an chathair i lámha na nEabhrach. Scoirfidh mise de mo scéal anseo.

38. Má tá sé inste go slachtmhar tomhaiste, níl ansin ach mar a chuir mé romham; mura bhfuil sé ach leathchuíosach gan slacht, sin a raibh ar mo chumas.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 15