Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 15:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuala Niocánór go raibh Iúdás agus a chuid fear i gcomharsanacht na Samáire agus bheartaigh sé fogha a thabhairt fúthu lá na sabóide nuair nárbh aon bhaol dó féin.

2. Na Giúdaigh ar cuireadh d'iallach orthu é a leanúint, dúirt siad: “Ná scrios iad chomh danartha ná chomh barbartha sin, ach bíodh meas agat ar an lá ar thug an té a fheiceann gach ní ómós dó agus a naomhaigh sé thar gach lá.”

3. Ansin d'fhiafraigh coirpeach na dtrí mallachtaí an raibh rí ar neamh a d'ordaigh lá na sabóide a choimeád.

4. Nuair a d'fhógair siad: “Is é an Tiarna beo féin, an Flaith ar neamh, a d'ordaigh dúinn an seachtú lá a choimeád,”

5. d'fhreagair sé: “Agus is mise, mar fhlaith ar talamh, a ordaíonn daoibh airm a ghlacadh agus gnó an rí a chur i gcrích.” Ach mar sin féin níor éirigh leis a bheartas gráiniúil a chur i bhfeidhm.

6. Le barr uabhair agus sotail, bhí sé beartaithe ag Niocánór carn poiblí bua a thógáil leis an gcreach a ghabhfaí ó Iúdás agus óna chuid fear.

7. Ach níor bhog an Macabaech ach é lán de mhuinín agus de dhóchas go dtiocfadh cabhair chuige ón Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 15