Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 14:27-46 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Tháinig fearg ar an rí agus de bhrí gur ghriog tromaíocht bhréige an scraiste úd é, scríobh sé go Niocánór a rá go raibh sé míshásta leis an gconradh agus á ordú dó an Macabaech a sheoladh i ngeimhle go hAintíoch gan mhoill.

28. Nuair a fuair Niocánór an teachtaireacht sin tháinig buaireamh air agus bhí sé an-mhíshásta an conradh a bhriseadh agus gan aon éagóir déanta ag an bhfear.

29. Ós rud é nárbh fhéidir cur i gcoinne an rí, bhí sé ag faire na faille an gnó úd a dhéanamh le gliceas.

30. Ach thug an Macabaech faoi deara go raibh Niocánór níba ghéire ina iompar leis, agus go raibh sé giorraisc ag plé leis thar mar a bhíodh, agus tuigeadh dó nach aon ní fónta a bhí ar chúl na géire seo. Chruinnigh sé chuige roinnt mhaith dá chuid fear dá bhrí sin agus chuaigh ar a choimeád ó Niocánór.

31. Nuair a thuig seisean go raibh an fear eile tar éis bob a bhualadh air go cliste, chuaigh sé go dtí an Sár-Theampall naofa le linn do na sagairt a bheith ag ofráil na n‑íobairtí agus d'ordaigh dóibh [Iúdás] a thabhairt suas dóibh.

32. Nuair a mhionnaíodar nach raibh a fhios acu cá raibh an té a bhí á lorg aige,

33. shín sé amach a lámh i dtreo an tsanctóra, agus mhionnaigh mar leanas: “Mura dtugann sibh Iúdás suas mar chime dom, déanfaidh mé tearmann seo Dé a scartáil ó bhonn agus leagfaidh mé an altóir agus déanfaidh mé teampall taibhseach a thógáil do Dhíonaíosas san áit seo.”

34. Nuair a bhí an méid sin ráite aige d'imigh sé leis. Shín an pobal a lámha i dtreo na bhflaitheas ansin, agus ghlaoigh ar chosantóir buan ár gcine á rá:

35. “A Thiarna na n‑uile, nach bhfuil aon ní de dhíth ort, ba thoil leat go mbeadh teampall le háitreabh agat inár measc.

36. Anois, más ea, a Aon Naofa, a Thiarna na naofachta go léir, coinnigh an teach seo a naomhaíodh chomh gairid ó shin gan truailliú go deo.”

37. Rinneadh Razais áirithe, seanóir de chuid Iarúsailéim a ghearán le Niocánór mar dhuine a raibh grá mór aige dá chomhshaoránaigh, a bhí faoi dhea-cháil agus a fuair an teideal Athair na nGiúdach de bharr a chineáltais.

38. Tráth dá raibh, nuair nach raibh aon chaidreamh leis na gintlithe, cuireadh Giúdachas ina leith, agus chuir sé corp agus anam i bhfiontar ar son an Ghiúdachais.

39. D'fhonn an fuath a bhí aige do na Giúdaigh a léiriú, chuir Niocánór breis agus cúig céad saighdiúir lena ghabháil;

40. mar shíl sé dá ngabhfaí eisean go ndéanfadh sé díobháil dóibhsean.

41. Nuair a bhí na trúpaí ar tí an túr a ghabháil agus go raibh doras na cúirte á bhrú isteach acu, agus iad ag éileamh tine a thabhairt agus na comhlaí a chur trí thine, bhí Razais teanntaithe agus chaith sé é féin ar bhéal a chlaímh;

42. b'fhearr leis bás a fháil le honóir ná titim i lámha peacach agus maslaí a fhulaingt nár dhual dá dhúchas uasal.

43. Le cruas an chomhraic, níor aimsigh sé go cruinn, agus bhí an slua faoin am seo ag brúchtaíl an doras isteach. Rith sé in airde ar an mballa go cróga agus chaith é féin anuas le barr misnigh i measc an tslua.

44. Ach dhruid siadsan i leataobh go tapa, fágadh spás agus thit sé i lár an spáis fholaimh sin.

45. Bhí an dé fós ann agus é ar buile le fearg: d'éirigh sé ina sheasamh, agus cé go raibh an fhuil leis ina tulcaí agus é tromleonta, rith sé tríd an slua agus sheas ar splinc carraige;

46. ní raibh deoir fola fágtha ann anois; srac sé a ionathar as a chliabhrach, rug ina dhá láimh orthu agus chaith i measc na dtrúpaí iad agus é ag glaoch ar Thiarna na beatha agus an anama iadsan a thabhairt ar ais arís dó. B'shin mar a fuair sé bás.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 14