Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 13:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ghabh Meanalás leo freisin agus bhí sé ag griogadh Aintíochas le barr fimínteachta mar gur mheas sé go ndaingneofaí ina oifig é, agus ní ar mhaithe lena thír féin.

4. Ach ghríosaigh Rí na Ríthe fearg Aintíochas in aghaidh an scraiste, agus nuair a chuir Lisias in iúl dó gurbh é siúd faoi deara an tranglam go léir, d'ordaigh sé é a bhreith go Bearoia agus é a chur chun báis mar is nós a dhéanamh san áit sin.

5. Óir tá túr san áit sin atá caoga banlámh ar airde agus é lán de luaithreach; agus tá ciumhais timpeall air agus fána ghéar uaidh ar gach taobh isteach i dtreo an luaithrigh.

6. An té a dhaorfaí i gcoir naomhthruaillithe nó a bheadh tromchiontach i gcoireanna áirithe eile, [tugann siad in airde é], agus ropann siad go léir ar aghaidh chun a ídithe é.

7. Tháinig sé de chor sa saol gur mar sin a fuair an ropaire Meanalás bás, gan fiú adhlacadh sa chré.

8. Agus ní raibh ansin ach lomlán an chirt; mar is iomaí peaca a rinne sé in aghaidh na haltóra ar naofa í a tine agus a luaithreach, ach fuair sé bás sa luaithreach.

9. Bhí an rí ar a bhealach agus a chroí ag borradh le bearta barbartha agus é ar aigne aige nithe i bhfad níos measa ná mar a bhí déanta ag a athair a nochtadh os comhair a súl do na Giúdaigh.

10. Ach nuair a chuala Iúdás é sin, d'ordaigh sé don phobal glaoch ar an Tiarna de lá agus d'oíche, teacht i gcabhair, anois nó riamh, ar an muintir a rabhthas ar tí idir dhlí agus thír agus Theampall naofa, a bhaint díobh,

11. agus gan a ligean don mhuintir nach raibh ach ag teacht chucu féin titim isteach i lámha na ngintlithe diamhaslaitheacha.

12. Nuair a bhí rud déanta acu go léir le chéile air, agus gur chuir siad a n‑achainí chun Tiarna na trócaire, ag caoineadh, ag troscadh agus ag sléachtadh go talamh, gan staonadh, ar feadh trí lá, ghríosaigh Iúdás iad agus d'ordaigh dóibh a bheith ullamh ar láimh.

13. Chuaigh sé i gcomhairle leis na seanóirí ar leithligh agus ansin bheartaigh sé gan feitheamh leis an rí a theacht isteach in Iúdáia agus seilbh a fháil ar an gcathair, ach máirseáil amach agus an gnó go léir a shocrú le cabhair Dé.

14. D'fhág sé an toradh dá bhrí sin faoi Chruthaitheoir na Cruinne, ghríosaigh a chuid fear chun troid go cróga go bás ar son dlíthe, agus Teampaill agus tír dhúchais, agus maithe coitinne; agus ansin shuigh sé a longfort láimh le Móidín.

15. Thug sé “bua Dé” mar fhocal faire dá chuid fear, agus thug sé ionsaí san oíche ar bhoth an rí le fórsa tofa de na curaidh óga ba chalma; mharaigh sé suas le dhá mhíle fear sa champa, agus ghoin sé an eilifint ba cheannasaí agus a marcach.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 13