Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 12:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. d'ionsaigh sé muintir Iaimnía san oíche agus chuir an cuan agus an cabhlach trí thine, i dtreo go raibh lonradh na lasracha le feiceáil in Iarúsailéim, [tríocha míle] ó bhaile.

10. Nuair a bhíodar imithe [breis agus míle] ón áit sin, ar a mbealach in aghaidh Thiomóid, rinne breis agus cúig mhíle Arabach is cúig céad marcach leo, ionsaí orthu.

11. Troideadh go dásachtach agus bhí an bua ag Iúdás agus a chuid fear le cabhair Dé; nuair a bhí buaite ar na fánaithe, d'impigh siad ar Iúdás deaslamh an chairdis a shíneadh chucu á gheallúint go dtabharfaidís eallach agus gach sórt eile cabhrach [dá mhuintir].

12. Tuigeadh do Iúdás go mbeidís áisiúil dáiríre ar a lán slite, agus bheartaigh sé síocháin a dhéanamh leo; mhalartaigh siad gill le chéile agus d'imigh siadsan chun a mbothanna.

13. D'ionsaigh sé cathair áirithe freisin a bhí daingnithe le claíocha agus le ballaí, agus gach sórt gintlithe ina gcónaí inti; sé ainm a bhí uirthi ná Caispin.

14. An mhuintir a bhí laistigh, bhí muinín acu as neart na mballaí agus as a soláthairtí; bhíodar á n‑iompar féin go sotalach i leith Iúdáis agus a chuid fear, ag fonóid fúthu, agus ag caitheamh diamhaslaí agus eascainí leo.

15. Ach ghlaoigh Iúdás agus a chuid fear ar Rí mór na cruinne, an té sin a threascair Ireachó le linn Iósua, gan reithe ná inneall cogaidh, agus thug siad ruathar fíochmhar faoi na ballaí.

16. Ghabh siad an chathair de dheonú Dé agus chuir líon gan áireamh chun báis i dtreo gur thaibhsigh an loch láimh leo a bheith ag cur thar maoil le fuil cé go raibh sé dhá staid ar leithead.

17. Nuair a bhíodar [nócha cúig mhíle] ar aghaidh ón áit sin tháinig siad go Charax, go dtí na Giúdaigh ar a dtugtar Túibiánaigh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 12