Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 12:36-44 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

36. De bhrí go raibh Eisdris agus a chuid fear ag troid ar feadh i bhfad agus go raibh tuirse orthu, ghlaoigh Iúdás ar an Tiarna á impí air a thaispeáint gurbh é a gcomhghuaillí é agus a gceannaire sa chath.

37. Ansin chuir sé an gháir chatha agus iomainn suas in ard a ghutha i dteanga a shinsear, agus d'ionsaigh sé lucht leanúna Ghoirgias gan choinne agus chuir an teitheadh orthu.

38. Agus chruinnigh Iúdás a arm agus ar aghaidh leis go hAdulám, agus de bhrí go raibh an seachtú lá den tseachtain buailte leo, rinneadar go léir iad féin a íonghlanadh de réir an nóis agus choimeád siad an tsabóid ansiúd.

39. Lá arna mhárach, mar gur ghá sin faoin am seo, chuaigh Iúdás agus a chuid fear i mbun coirp na muintire a thit a bhreith leo agus a chur lena ngaolta i dtuamaí a sinsear.

40. Ansin fuair siad, faoi ionar gach mairbh, comharthaí naofa íola Iaimnía, rud a choisceann an dlí ar Ghiúdaigh a chaitheamh. Ansin ba léir do chách gurb é sin an fáth gur thit na fir úd.

41. Mhol siad go léir dá bhrí sin slite an Tiarna cheartbhreathaigh, an té a nochtann a mbíonn faoi cheilt.

42. Agus chrom siad ar urnaí, á impí go scriosfaí ar shiúl go hiomlán an peaca a rinneadh. Ghríosaigh Iúdás uasal an pobal le hiad féin a choinneáil saor ó pheaca, mar go bhfaca siad lena súile cinn cén toradh a bhí ar pheaca na muintire a thit.

43. Rinne sé bailiúchán chomh maith uathu ina nduine agus ina nduine, suim dhá mhíle drachma airgid, agus sheol é go Iarúsailéim le soláthar a dhéanamh don íobairt pheaca. Ba mhaith agus b'uasal an mhaise dó sin, agus an t‑aiséirí á chur sa mheá aige.

44. Mar mura mbeadh go raibh sé ag súil leis go n‑éireodh an mhuintir a thit arís, ba dhíomhaoin agus ba bhaoth an rud é a bheith ag guí ar son na marbh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 12