30. Ach nuair a dhearbhaigh na Giúdaigh a bhí ag cur fúthu ansiúd do Iúdás an dea-thoil a thaispeáin muintir Sciotopoil dóibh, agus a chineálta agus a bhí siad leo in am an mhí-áidh,
31. rug siad buíochas leo agus spreag iad a bheith chomh dea-chomharsanach céanna lena gcine as sin amach freisin. Ansin d'imigh siad leo suas go Iarúsailéim mar bhí féile na seachtainí lámh leo.
32. Tar éis féile na Cincíse, mar a thugtar uirthi, ghluais siad in aghaidh Ghoirgias, ceannasaí Idiúmáia.
33. Tháinig sé amach chun catha a chur orthu le trí mhíle troitheach agus ceithre chéad marcach.
34. Nuair a bhí an cath á chur thit beagán Giúdach.
35. Ach Dosataes áirithe, fear de chuid Bhacaenór, gaiscíoch fir a bhí ar muin capaill, fuair sé greim ar Ghoirgias, rug ar bhrat air, agus bhí á tharraingt leis le teann nirt d'fhonn an mac mallachta a ghabháil ina bheatha; thug marcach de chuid na dTráiceach ruathar faoi, bhris a ghéag, agus d'éirigh le Goirgias éalú go Mairise.
36. De bhrí go raibh Eisdris agus a chuid fear ag troid ar feadh i bhfad agus go raibh tuirse orthu, ghlaoigh Iúdás ar an Tiarna á impí air a thaispeáint gurbh é a gcomhghuaillí é agus a gceannaire sa chath.
37. Ansin chuir sé an gháir chatha agus iomainn suas in ard a ghutha i dteanga a shinsear, agus d'ionsaigh sé lucht leanúna Ghoirgias gan choinne agus chuir an teitheadh orthu.
38. Agus chruinnigh Iúdás a arm agus ar aghaidh leis go hAdulám, agus de bhrí go raibh an seachtú lá den tseachtain buailte leo, rinneadar go léir iad féin a íonghlanadh de réir an nóis agus choimeád siad an tsabóid ansiúd.
39. Lá arna mhárach, mar gur ghá sin faoin am seo, chuaigh Iúdás agus a chuid fear i mbun coirp na muintire a thit a bhreith leo agus a chur lena ngaolta i dtuamaí a sinsear.
40. Ansin fuair siad, faoi ionar gach mairbh, comharthaí naofa íola Iaimnía, rud a choisceann an dlí ar Ghiúdaigh a chaitheamh. Ansin ba léir do chách gurb é sin an fáth gur thit na fir úd.
41. Mhol siad go léir dá bhrí sin slite an Tiarna cheartbhreathaigh, an té a nochtann a mbíonn faoi cheilt.