Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 12:28-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Ach ghlaoigh na [Giúdaigh] ar an bhFlaith a bhriseann cumhacht a naimhde le barr nirt, agus ghabh siad seilbh ar an gcathair, agus mharaigh suas le cúig mhíle fichead dá raibh inti.

29. Ar aghaidh leo ón áit sin agus bhrostaigh siad go Sciotopoil atá seachtó cúig mhíle ó Iarúsailéim.

30. Ach nuair a dhearbhaigh na Giúdaigh a bhí ag cur fúthu ansiúd do Iúdás an dea-thoil a thaispeáin muintir Sciotopoil dóibh, agus a chineálta agus a bhí siad leo in am an mhí-áidh,

31. rug siad buíochas leo agus spreag iad a bheith chomh dea-chomharsanach céanna lena gcine as sin amach freisin. Ansin d'imigh siad leo suas go Iarúsailéim mar bhí féile na seachtainí lámh leo.

32. Tar éis féile na Cincíse, mar a thugtar uirthi, ghluais siad in aghaidh Ghoirgias, ceannasaí Idiúmáia.

33. Tháinig sé amach chun catha a chur orthu le trí mhíle troitheach agus ceithre chéad marcach.

34. Nuair a bhí an cath á chur thit beagán Giúdach.

35. Ach Dosataes áirithe, fear de chuid Bhacaenór, gaiscíoch fir a bhí ar muin capaill, fuair sé greim ar Ghoirgias, rug ar bhrat air, agus bhí á tharraingt leis le teann nirt d'fhonn an mac mallachta a ghabháil ina bheatha; thug marcach de chuid na dTráiceach ruathar faoi, bhris a ghéag, agus d'éirigh le Goirgias éalú go Mairise.

36. De bhrí go raibh Eisdris agus a chuid fear ag troid ar feadh i bhfad agus go raibh tuirse orthu, ghlaoigh Iúdás ar an Tiarna á impí air a thaispeáint gurbh é a gcomhghuaillí é agus a gceannaire sa chath.

37. Ansin chuir sé an gháir chatha agus iomainn suas in ard a ghutha i dteanga a shinsear, agus d'ionsaigh sé lucht leanúna Ghoirgias gan choinne agus chuir an teitheadh orthu.

38. Agus chruinnigh Iúdás a arm agus ar aghaidh leis go hAdulám, agus de bhrí go raibh an seachtú lá den tseachtain buailte leo, rinneadar go léir iad féin a íonghlanadh de réir an nóis agus choimeád siad an tsabóid ansiúd.

39. Lá arna mhárach, mar gur ghá sin faoin am seo, chuaigh Iúdás agus a chuid fear i mbun coirp na muintire a thit a bhreith leo agus a chur lena ngaolta i dtuamaí a sinsear.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 12