Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 12:15-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Ach ghlaoigh Iúdás agus a chuid fear ar Rí mór na cruinne, an té sin a threascair Ireachó le linn Iósua, gan reithe ná inneall cogaidh, agus thug siad ruathar fíochmhar faoi na ballaí.

16. Ghabh siad an chathair de dheonú Dé agus chuir líon gan áireamh chun báis i dtreo gur thaibhsigh an loch láimh leo a bheith ag cur thar maoil le fuil cé go raibh sé dhá staid ar leithead.

17. Nuair a bhíodar [nócha cúig mhíle] ar aghaidh ón áit sin tháinig siad go Charax, go dtí na Giúdaigh ar a dtugtar Túibiánaigh.

18. Ní bhfuair siad Tiomóid sa dúiche sin, mar faoin am sin bhí sé imithe leis ón dúiche gan aon ní a chur i gcrích ann, ach gur fhág sé garastún an-láidir in aon áit amháin.

19. Dosataes agus Sosapataer, captaein faoin Macabaech, ghluais siad amach agus scrios iad siúd a d'fhág Tiomóid sa daingean, breis agus deich míle fear.

20. Roinn an Macabaech a arm ina dhíormaí agus chuir sé fir i gceannas na ndíormaí agus bhrostaigh sa tóir ar Thiomóid; bhí céad agus a fiche míle troitheach aigesean agus dhá mhíle cúig céad marcach.

21. Nuair a chuala Tiomóid go raibh Iúdás ag druidim leis chuir sé uaidh na mná agus na leanaí agus an bagáiste go dtí áit ar a dtugtar Carnaím, mar bhí an láthair sin deacair le gabháil, agus deacair le dul chuici de bharr cúinge na mbealaí go léir.

22. Nuair a fuarthas radharc ar chéad díorma Iúdáis, tháinig eagla agus scéin ar an namhaid le taibhsiú an té úd a fheiceann gach ní, agus theith siad leo agus chuaigh scaipeadh na mionéan orthu i ngach treo, ionas gur minic a ghoin a gcuid fear féin a chéile, agus gur cuireadh rinn claimhte a chéile iontu.

23. Chuir Iúdás tóir orthu le flosc, agus d'imir faobhar claímh ar na peacaigh agus mharaigh suas le tríocha míle fear.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 12