Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 12:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhí na socruithe seo déanta, d'fhill Lisias ar an rí agus chuaigh na Giúdaigh i mbun saothrú na talún arís.

2. Ach cuid de na gobharnóirí in áiteanna ar leith - Tiomóid, Apollóinias mac Gheannaes, agus Iaróm agus Déamofón agus Niocánór gobharnóir na Cipire chomh maith céanna, ní ligfidís dóibh maireachtáil go socair síochánta.

3. Agus rinne cuid de mhuintir Iopa a leithéid seo d'anfhorlann: thugadar cuireadh do na Giúdaigh a bhí ina gcónaí ina measc dul ar bord long a bhí ullamh lámh leo, agus a mná agus a leanaí ina dteannta, amhail is nach raibh aon drochaigne acu ina leith.

4. Rinneadh é sin trí vóta poiblí sa chathair. Nuair a ghlac [na Giúdaigh] leis an gcuireadh, ós rud é gurb í an tsíocháin a bhí uathu agus nach raibh aon amhras orthu, thugadar siúd amach faoin bhfarraige iad agus chuir go tóin poill iad, dhá chéad díobh nó breis.

5. Nuair a chuala Iúdás faoin íde dhanartha a imríodh ar a mhuintir, thug sé ordú dá chuid fear,

6. agus ghlaoigh ar Dhia, an breitheamh cóir, agus d'ionsaigh dúnmharfóirí a bhráithre. Chuir sé an cuan trí thine san oíche, dhóigh an loingeas, agus chuir chun báis gach duine a bhí ag lorg dídine ann.

7. Ansin de bhrí go raibh geataí na cathrach iata, d'imigh sé leis agus é ar intinn aige teacht arís agus cuallacht uile Iopa a scriosadh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 12