Nuair a fuair an Macabaech agus a chuid fear scéala go raibh [Lisias] ag cur léigir ar na daingin, chrom siad féin agus an pobal go léir ar ghuí chun an Tiarna le holagón agus le deora á impí air aingeal maith a chur le hIosrael a fhuascailt.