Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 10:30-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Bhí siad timpeall ar an Macabaech á chosaint lena n‑éidí agus lena n‑airm, agus á chumhdach ó ghoin, agus iad ag caitheamh gathanna agus saighneáin ar an namhaid, i dtreo gur cuireadh dalladh agus mearbhall agus mí-ord ainnis orthu agus gur teascadh óna chéile iad.

31. Maraíodh fiche míle cúig céad fear mar aon le sé chéad marcach.

32. Theith Tiomóid féin go dtí an dúnfort ar a dtugtar Gazara, ar a raibh cóir an-mhaith chosanta faoi cheannas Chaeraes.

33. Chuir an Macabaech agus a chuid fear léigear ar an dúnfort le teann díograise ar feadh ceithre lá.

34. Bhí an dream istigh ag caitheamh diamhaslaí uafásacha agus asachán aindiaga leo le barr muiníne as neart na háite.

35. Ach le breacadh an chúigiú lá, thug fiche óglach d'arm an Mhacabaeigh ruathar cróga faoin mballa le teann feirge de bharr na ndiamhaslaí; agus threascair siad le forneart gach duine dár theagmhaigh leo.

36. Dhreap a thuilleadh an balla suas ar an tslí chéanna, tháinig i leith a gcúil ar na cosantóirí, agus chuir na túir trí thine; las siad tinte agus dhóigh na diamhaslóirí ina mbeatha. Bhris a thuilleadh na geataí agus scaoil isteach an chuid eile den arm agus ghabh an chathair.

37. Mharaigh siad Tiomóid agus é dulta i bhfolach i sistéal, agus a dheartháir Chaeraes agus Apollofanaes.

38. Nuair a bhí an méid sin go léir curtha i gcrích acu, mhol siad an Tiarna, le hiomainn agus laoithe buíochais mar gur thaispeain sé a leithéid de chneastacht d'Iosrael agus gur thug sé an bua dóibh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 10