Ghlan siad an sanctóir agus thóg altóir nua; ansin bhain siad tine as breochlocha, agus, le cabhair na tine sin, d'ofráil siad an chéad íobairt le dhá bhliain, dhóigh túis, las na lóchrainn agus leag amach builíní na láithreachta.