Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 10:17-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. D'ionsaíodar iad le fuinneamh agus fuair siad seilbh ar na láithreacha, agus chuir an ruaig ar an muintir a bhí ag troid ar an mballa; agus mharaigh siad oiread agus ar éirigh leo teacht orthu, agus d'fhág fiche míle nó breis ar lár marbh.

18. Theith suas le naoi míle ar a laghad isteach in dhá chaisleán a bhí daingean thar cuimse agus gach cóir iontu chun léigear a sheasamh.

19. D'fhág an Macabaech ansiúd Síomón agus Iósaef, fara Zacaes lena fhórsaí, a ndóthain fear chun léigear a chur orthu; agus d'imigh sé féin go dtí áiteanna a raibh breis gá leis.

20. Ach bhí saint chun airgid ar na fir a bhí le Síomón agus ghlac siad breab ó lucht na gcaisleán; thóg siad seachtó míle drachma uathu agus lig siad do chuid díobh éalú.

21. Nuair a chuala an Macabaech cad a tharla, thionóil sé ceannairí an phobail agus chuir sé ina leith gur dhíoladar a mbráithre ar airgead trí dhaoine a bhí ag cogaíocht leo a scaoileadh saor.

22. Ansin mharaigh sé lucht an bhraite agus ghabh sé an dá chaisleán gan mhoill.

23. Bhí rith an rása leis ina chúrsaí míleata go léir agus mharaigh sé breis agus fiche míle fear sa dá chaisleán.

24. Tiomóid, fear ar bhuaigh na Giúdaigh air turas roimhe seo, bhailigh sé díorma ollmhór amhas agus chruinnigh marcshlua líonmhar ón Áise; tháinig sé agus é ar intinn aige Iúdáia a ghabháil de ruathar.

25. Nuair a bhí sé ag druidim leo rinne an Macabaech agus a lucht leanúna luaith a chroitheadh ar a gceann, éadach róin a chur faoina gcoim, agus a n‑achainí a chur chun Dé.

26. Shléacht siad chun talún ar na céimeanna os comhair na haltóra agus d'impigh siad air a bheith fabhrach leo, a bheith ina namhaid ag a naimhde, agus ina chéile comhraic ag a gcéilí comhraic féin, faoi mar a mholann an dlí go soiléir.

27. Scoir siad dá n‑urnaí ansin, ghabh chucu a n‑airm, agus ghluais tamall maith ón gcathair agus nuair a tháinig siad i gcóngar an namhad, stad siad.

28. Le deargadh an dá néal, chuaigh an dá arm i ngleic le chéile, arm díobh agus a muinín as Dia chomh maith lena ngaisce féin mar gheall bua agus conáigh; an t‑arm eile agus a mbuile mar cheannasaí orthu sa chath.

29. Nuair a bhí an cath á chur go fiochmhar, dhealraigh don namhaid cúigear fear taibhseach ar muin each le srianta óir agus iad i gceannas na nGiúdach.

30. Bhí siad timpeall ar an Macabaech á chosaint lena n‑éidí agus lena n‑airm, agus á chumhdach ó ghoin, agus iad ag caitheamh gathanna agus saighneáin ar an namhaid, i dtreo gur cuireadh dalladh agus mearbhall agus mí-ord ainnis orthu agus gur teascadh óna chéile iad.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 10