Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 1:30-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Ansin chan na sagairt na hiomainn.

31. Nuair a bhí ábhar na n‑íobairtí go léir ídithe, d'ordaigh Nihimiá an lacht a bhí fágtha a dhoirteadh ar chlocha móra.

32. Nuair a rinneadh amhlaidh, las bladhm thine, agus slogadh í sa lasair ón altóir ag taitneamh os a comhair.

33. Nuair a leath an scéal, agus gur insíodh do rí na bPeirseach gur thaibhsigh an lacht, lenar loisc Nihimiá agus a lucht leanúna ábhar na híobartha, sa bhall inar chuir na sagairt a díbríodh an tine i bhfolach,

34. rinne an rí an scéal a fhiosrú agus chuir fál timpeall ar an áit agus d'fhógair naofa é.

35. An mhuintir ar a raibh a ghnaoi, rinne an rí bronntanais a mhalartú leo.

36. Thug Nihimiá agus a mhuintir naftar, íonghlanadh ís é sin, air siúd, achneftai a thugann daoine air de ghnáth.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 1