Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 1:19-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Óir nuair a bhí ár sinsir á seoladh ina mbránna chun na Peirse, thóg sagairt dhiagaithe na linne cuid de thine na haltóra, agus chuir i bhfolach í i gcuasán umair thirim, agus cheil siad í chomh cairéiseach sin nárbh eol an áit d'aon duine.

20. Tar éis roinnt mhaith blianta, nuair ba thoil le Dia é, chuir Nihimiá, le húdarás rí na Peirse, sliocht na sagart a cheil í ar a lorg. Nuair a thug siadsan scéala chugainn nach tine a fuair siad ach lacht ramhar, d'ordaigh [Nihimiá] dóibh cuid den lacht a shúrac amach agus a bhreith leo.

21. Nuair a bhí ábhar na n‑íobairtí curtha amach, d'ordaigh Nihimiá do na sagairt an lacht a chroitheadh ar an adhmad a bhí leagtha air.

22. Rinneadh amhlaidh agus ansin tar éis tamaill dhealraigh an ghrian cé go raibh sí faoi scamall roimhe sin, agus bhladhm lasair mhór, rud a chuir ardionadh ar chách.

23. Fad a bhí an íobairt á dó, bhí na sagairt agus an mhuintir go léir a bhí i dteannta na sagart ag guí, Iónátán ag cur ceann ar an urnaí agus an chuid eile ag freagairt mar aon le Nihimiá.

24. Mar seo a ghabh an urnaí: “A Thiarna, a Thiarna Dia, a chruthaitheoir an uile ní; is uaimhneach agus is tréan, is cóir agus is trócaireach thú; is tú amháin is rí, agus is cúntóir;

25. is tú amháin is fial, is tú amháin is cóir agus is uilechumhachtach síoraí; is tú a fhuasclaíonn Iosrael ó gach olc; is tú a thogh na sinsir agus a choisric iad.

26. Glac leis an íobairt seo thar ceann do phobail Iosrael go léir; cumhdaigh d'oidhreacht agus naomhaigh í.

27. Bailigh le chéile ár bpobal scaipthe; fuascail a bhfuil i ndaoirse i measc na ngintlithe; dearc le fabhar ar a bhfuil faoi aithis agus faoi dhímheas; bíodh a fhios ag na gintlithe gur tú is Dia againn.

28. Smachtaigh lucht an leatroim agus lucht an éirí in airde agus an uabhair.

29. Préamhaigh do phobal go daingean i d'áit naofa mar a gheall Maois.”

30. Ansin chan na sagairt na hiomainn.

31. Nuair a bhí ábhar na n‑íobairtí go léir ídithe, d'ordaigh Nihimiá an lacht a bhí fágtha a dhoirteadh ar chlocha móra.

32. Nuair a rinneadh amhlaidh, las bladhm thine, agus slogadh í sa lasair ón altóir ag taitneamh os a comhair.

33. Nuair a leath an scéal, agus gur insíodh do rí na bPeirseach gur thaibhsigh an lacht, lenar loisc Nihimiá agus a lucht leanúna ábhar na híobartha, sa bhall inar chuir na sagairt a díbríodh an tine i bhfolach,

34. rinne an rí an scéal a fhiosrú agus chuir fál timpeall ar an áit agus d'fhógair naofa é.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 1