Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Macabaech 1:1-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Beatha agus síocháin shona ó na bráithre, na Giúdaigh in Iarúsailéim agus i dtír Iúdá dá mbráithre, na Giúdaigh san Éigipt.

2. Go gcuire Dia ar bhur leas sibh, agus go gcuimhní sé ar a chonradh le hAbrahám, le hÍosác agus le Iacób, a shearbhóntaí dílse.

3. Go dtuga sé daoibh go léir croí lena adhradh, agus lena thoil a dhéanamh le barr croí mhóir, le fonn agus le misneach.

4. Go ndéana sé bhur gcroí a oscailt dá dhlí agus dá aitheanta agus go dtuga sé daoibh síocháin.

5. Go dtuga sé cluas do bhur n‑achainíocha agus go ndéana sé cairdeas libh, agus ná déanadh sé sibh a thréigean in uain na hurchóide.

6. Táimidne ag guí ar bhur son anseo anois.

7. I réimeas Dhéimitrias, sa bhliain céad agus a seasca naoi, scríobharmarna, na Giúdaigh, chugaibh sa ghéarchéim agus sa chúngracht a rug orainn tar éis do Iásón agus dá bhuíon an tír bheannaithe agus an ríocht a thréigean,

8. agus an geata a dhó agus fuil neamhchiontach a dhoirteadh. Ghuíomar an Tiarna agus éisteadh linn, agus d'ofrálamar íobairt agus abhlann, agus lasamar na lóchrainn, agus leagamar amach na builíní.

9. Anois, más ea, féachaigí chuige go gcoimeádfaidh sibh féile na dTaibearnacal i mí Chisléu, sa bhliain céad ochtó a hocht.

10. Beatha agus sláinte ó mhuintir Iarúsailéim agus Iúdáia, ón seanad agus ó Iúdás go hAiristeabúlas, oide Ptoilimí rí, fear de shliocht na sagart ungtha, agus do na Giúdaigh san Éigipt.

11. De bhrí gur shaor Dia sinn ó dhainséir mhóra, is mór é ár mbuíochas dó ar son ár bpáirt a ghlacadh in aghaidh an rí,

12. óir eisean a dhíbir iad siúd a chuir cath ar an gcathair bheannaithe.

13. Óir nuair a shroich a gceannaire an Pheirs le harm a dhealraigh a bheith dochloíte, gearradh óna chéile iad i dteampall Nanaeá trí ghliceas a d'imir na sagairt a bhí ag freastal ar Nanaeá.

14. Lig Aintíochas air go raibh sé ag déanamh cleamhnais léi agus tháinig sé ansiúd lena chairde d'fhonn formhór na seod a bhreith leis mar spré.

15. Leag sagairt Nanaeá na seoda amach ar taispeáint agus chuaigh seisean isteach laistigh de bhalla an tearmainn naofa. A luaithe a tháinig Aintíochas isteach ar bheagán slua, dhún siad an teampall,

16. d'oscail an doras folaigh sa tsíleáil, agus chaith anuas clocha ina mbarthanach agus threascair an ceannaire agus a chuid fear, ghearr ina spólaí iad, bhain na cinn díobh, agus chaith amach go dtí an mhuintir amuigh iad.

17. Gura beannaithe i ngach slí ár nDia a thug breith ar lucht na haindiagachta.

18. Táimid ar tí íonghlanadh an Teampaill a chomóradh ar an gcúigiú lá fichead de Chisléu agus shíleamar nár mhór sin a chur in iúl daoibhse i dtreo go ndéanfadh sibhse freisin féile na dTaibearnacal a cheiliúradh, agus féile na Tine a deonaíodh nuair a bhí an Teampall tógtha ag Nihimiá agus gur ofráil sé íobairtí.

19. Óir nuair a bhí ár sinsir á seoladh ina mbránna chun na Peirse, thóg sagairt dhiagaithe na linne cuid de thine na haltóra, agus chuir i bhfolach í i gcuasán umair thirim, agus cheil siad í chomh cairéiseach sin nárbh eol an áit d'aon duine.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Macabaech 1