Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 9:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Go dtí gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár insíodh dom faoi leath do chríonnacht éachtach dáiríre; sáraíonn tú an tuairisc a chuala mé.

7. Nach méanar do do mhná céile!

8. Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht.

9. Moladh leis an Tiarna do Dhia a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar a ríchathaoir thú mar rí [in ainm] an Tiarna do Dhia. De bhrí go bhfuil grá bithbhuan ag an Tiarna do Iosrael, agus gur mian leis é chothú go brách, rinne sé rí díotsa chun an dlí agus an ceart a riar.” Bhronn sí céad fiche tallann óir ar an rí agus lear mór spíosraí agus líoga lómhara. Ní raibh riamh spíosraí mar iad siúd a thug banríon Sheabá do Sholamh rí.

10. Ar an tslí chéanna, na searbhóntaí úd Húrám agus Sholaimh a bhí ag tabhairt óir ó Óifír, thug siad leo adhmad algum agus líoga lómhara.

11. Rinne an rí cláir urláir do Theampall an Tiarna agus don phálás ríoga, agus cruiteanna agus cláirseacha don lucht ceoil, den adhmad algum; ní fhacthas a leithéid riamh roimhe sin i dtír Iúdá.

12. Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi seachas a raibh tugtha chun an rí aici a thabhairt ar ais. Ansin d'imigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí.

13. Sé chéad agus a seasca sé tallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana,

14. seachas a dtagadh chuige ón lucht trádála agus ceannaithe, agus a dtagadh d'ór agus d'airgead go Solamh ó ríthe na hAráibe agus ó rialtóirí na tíre.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 9