Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 9:24-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis - soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí bliain i ndiaidh na bliana.

25. Bhí ceithre mhíle mainséar ag Solamh dá chapaill agus dá charbaid, agus dhá mhíle dhéag marcach; bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim.

26. Bhí sé i gceannas ar na ríthe go léir ón Eofrataes go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte.

27. D'fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.

28. Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ó Chilicia agus ó na tíortha eile go léir chomh maith.

29. An chuid eile de stair Sholaimh ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa i Stair Nátán an fáidh, i dtairngreacht Aichíá ó Shileo, agus i bhfíseanna Ideo an físí faoi Iarobám mac Nabát.

30. Mhair réimeas Sholaimh, in Iarúsailéim, ar Iosrael go léir, daichead bliain.

31. Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 9