22. Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna.
23. Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí,
24. agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis - soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí bliain i ndiaidh na bliana.
25. Bhí ceithre mhíle mainséar ag Solamh dá chapaill agus dá charbaid, agus dhá mhíle dhéag marcach; bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim.