Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 9:17-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite.

18. Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach agus bhí uan óir ar a cúl, agus taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon ina seasamh le taobh na dtacaí,

19. agus dhá leon déag ina seasamh ansiúd, leon ag dhá cheann gach céime de na sé ceimeanna. Ní dhearnadh a leithéid de ríchathaoir riamh in aon ríocht eile.

20. Ba d'ór soithí óil Sholaimh go léir, agus ba d'ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d'airgead, mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.

21. Théadh longa an rí go Tairsís in éineacht le searbhóntaí Húrám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus bábúin.

22. Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna.

23. Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí,

24. agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis - soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí bliain i ndiaidh na bliana.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 9