Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 8:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh Teampall an Tiarna agus a theach féin a thógáil,

2. d'atóg sé na cathracha a thug Húrám dó, agus lonnaigh sé Iosraelaigh iontu.

3. Ansin chuaigh Solamh go Hamát Zóbá agus ghabh é.

4. D'atóg sé Tadmor san fhásach agus na cathracha stóir go léir a bhí tógtha aige i Hamát.

5. D'atóg sé Béit Horon Uachtarach agus Béit Horon Íochtarach, cathracha daingne le ballaí, geataí, agus sparraí,

6. agus Bálat, agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach ní arbh áil le Solamh a thógáil i Iarúsailéim, sa Liobáin agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas.

7. Gach ar mhair de na Hitigh, na hAmóraigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh Iosraelaigh iad;

8. a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár chuir na hIosraelaigh faoin mbang, - chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing dhaoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.

9. Ach níor chuir Solamh aon duine de chlann Iosrael faoi dhaoirse saothair; ba iadsan a bhí aige mar shaighdiúirí, mar oifigigh, mar cheannairí carbad, agus mar mharcshlua.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 8