Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 6:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh.

4. Dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a chuir i ngníomh ó láimh gach ar gheall sé ó bhéal do Dháiví m'athair, nuair a dúirt sé:

5. ‘Ón lá a thug mé mo phobal Iosrael amach as tír na hÉigipte, níor roghnaigh mé aon chathair, in aon treibh de chuid Iosrael go léir, le teach a thógáil inti le go lonnódh m'ainm ann, ná níor roghnaigh mé aon fhear le bheith ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael;

6. ach gur roghnaigh mé Iarúsailéim le go lonnódh m'ainm ann agus gur roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.’

7. Ba é mian croí m'athar Dáiví teach a thógáil d'ainm an Tiarna, Dia Iosrael.

8. Ach dúirt an Tiarna le Dáiví m'athair: ‘Is é mian do chroí teach a thógáil do m'ainm, agus is maith uait sin;

9. ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d'fheoil féin, a thógfaidh an teach do m'ainm.’

10. Chomhlíon an Tiarna an gealltanas a thug sé; tháinig mise i gcomharbacht ar m'athair Dáiví agus táim i mo shuí i ríchathaoir Iosrael faoi mar a gheall an Tiarna; tá an teach tógtha agam don Tiarna, Dia Iosrael,

11. agus tá ionad déanta agam ann don áirc ina bhfuil an conradh a rinne an Tiarna le clann Iosrael.”

12. Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha uaidh amach.

13. Bhí léibheann cré-umha déanta ag Solamh agus é leagtha i lár na cúirte aige; bhí sé cúig bhanlámh ar fhad, cúig bhanlárnh ar leithead, trí bhanlámh ar airde, agus leag sé sa chúirt é; agus ghabh sé in airde air; ansin chuaigh sé ar a ghlúine i láthair chomhthionól Iosrael go léir agus shín sé a lámha i dtreo na bhflaitheas

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 6