Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 6:29-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. má thagann brón agus doilíos croí ar aon duine - nó ar do phobal Iosrael go léir - agus go ndéanfadh sé impí nó achainí agus go sínfeadh sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo,

30. tabhair cluas ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh; tabhair maithiúnas agus cúitigh le cách de réir a iompair go léir, mar is eol duit gach croí - óir, is duit amháin is eol croí gach duine -

31. ionas go mbeidh urraim acu duit agus go siúlfaidh siad ar do chosáin fad mhairfidh siad sa tír a thug tú dár sinsir.

32. “Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d'ainm, agus do láimhe tréine, agus do ghéige sínte amach - má thagann sé agus guí a dhéanamh sa Teampall seo,

33. tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, agus deonaigh gach a n‑iarrfaidh an strainséir, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d'ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d'ainm ar an Teampall seo a thóg mé.

34. “Má théann do phobal chun cogaidh in aghaidh a naimhde, cibé bealach ar a seolfaidh tú iad, agus má chasann siad i dtreo na cathrach a thogh tú agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm agus guí chugat,

35. tabhair cluas ó na flaithis dá n‑impí agus dá n‑achainí agus seas leo.

36. “Má pheacaíonn siad i d'aghaidh - mar níl duine beo nach ndéanann peaca - agus go dtiocfaidh fearg ort leo agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfaí chun siúil iad mar dhaoir go tír i gcéin nó i gcóngar;

37. má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: ‘Pheacaíomar, rinneamar an t‑olc agus an peaca,’

38. agus má iompaíonn siad ar ais chugat ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, i dtír a ndeoraíochta, mar ar tugadh ar díbirt iad, agus má chuireann siad achainí chugat agus a n‑aghaidh i dtreo na tíre a thug tú dá sinsir, i dtreo na cathrach a thogh tú, agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm,

39. tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, éist lena n‑achainí agus lena n‑impí agus seas leo: maith do do phobal na peacaí a rinneadar i do choinne.

40. “Bíodh do shúile ar leathadh, a Dhia liom, agus tabhair cluas i gcónaí don urnaí a ofrálfar suas ón áit seo.

41. Agus anois:“Éirigh, a Thiarna, a Dhia, agus isteach leat i do áit suaimhnis,tusa agus áirc do chumhachta.Tá an slánú um do shagairt mar éide,agus cuireann d'fhéile lúcháir ar d'fhíréin.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 6