Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 6:23-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. éistse ó na flaithis agus déan beart agus tabhair breith idir do shearbhóntaí; daor an ciontach agus tabhair a iompar sa mhullach air féin; cosain an fíréan agus tabhair luach saothair dó de réir a fhíréantachta.

24. Má bheireann an namhaid an bua ar do phobal Iosrael mar gur pheacaigh siad i d'aghaidh, má iompaíonn siad ar ais chugat, agus d'ainm a mholadh, agus idirghuí a dhéanamh chugat, sa teach seo,

25. tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith a bpeaca do do phobal Iosrael, agus tabhair ar ais iad chun na tíre a thug tú dóibh féin agus dá sinsir.

26. “Nuair a dhúnfar na spéartha agus nach mbeidh aon bháisteach mar gur pheacaíodar i d'aghaidh, má dhéanann siad guí san áit seo, agus d'ainm a mholadh, agus go n‑umhlaíonn tú iad agus go ndéanann siad aithrí mar gheall ar a bpeacaí,

27. tabhair cluas dóibh ó na flaithis, agus maith a bpeaca do do shearbhóntaí agus do do phobal Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht.

28. “Má bhíonn gorta sa tír, nó plá, nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaist, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail léigear ar gheata cathrach dá gcuid; má bhíonn fiabhras nó galar;

29. má thagann brón agus doilíos croí ar aon duine - nó ar do phobal Iosrael go léir - agus go ndéanfadh sé impí nó achainí agus go sínfeadh sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo,

30. tabhair cluas ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh; tabhair maithiúnas agus cúitigh le cách de réir a iompair go léir, mar is eol duit gach croí - óir, is duit amháin is eol croí gach duine -

31. ionas go mbeidh urraim acu duit agus go siúlfaidh siad ar do chosáin fad mhairfidh siad sa tír a thug tú dár sinsir.

32. “Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d'ainm, agus do láimhe tréine, agus do ghéige sínte amach - má thagann sé agus guí a dhéanamh sa Teampall seo,

33. tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, agus deonaigh gach a n‑iarrfaidh an strainséir, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d'ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d'ainm ar an Teampall seo a thóg mé.

34. “Má théann do phobal chun cogaidh in aghaidh a naimhde, cibé bealach ar a seolfaidh tú iad, agus má chasann siad i dtreo na cathrach a thogh tú agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm agus guí chugat,

35. tabhair cluas ó na flaithis dá n‑impí agus dá n‑achainí agus seas leo.

36. “Má pheacaíonn siad i d'aghaidh - mar níl duine beo nach ndéanann peaca - agus go dtiocfaidh fearg ort leo agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfaí chun siúil iad mar dhaoir go tír i gcéin nó i gcóngar;

37. má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: ‘Pheacaíomar, rinneamar an t‑olc agus an peaca,’

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 6