13. Bhí léibheann cré-umha déanta ag Solamh agus é leagtha i lár na cúirte aige; bhí sé cúig bhanlámh ar fhad, cúig bhanlárnh ar leithead, trí bhanlámh ar airde, agus leag sé sa chúirt é; agus ghabh sé in airde air; ansin chuaigh sé ar a ghlúine i láthair chomhthionól Iosrael go léir agus shín sé a lámha i dtreo na bhflaitheas
14. agus dúirt: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus cineálta le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do chosán le hiomlán a gcroí.
15. Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu.
16. Agus anois, a Thiarna, a Dhia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair i ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n‑iompar agus siúl ar chosán mo dhlí mar a rinne tusa féin os mo chomhair.’
17. Comhlíon más ea anois, a Thiarna, Dia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta Dáiví m'athair.