Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 5:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Dáiví a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall Dé.

2. Ansin chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael agus taoisigh na dtreibheanna agus cinn finí phobal Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, cathair Dháiví.

3. Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh sa seachtú mí le linn na féile.

4. Agus tháinig seanóirí Iosrael ar fad agus thug na Léivítigh suas an áirc;

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 5