Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rinne sé altóir chré-umha, fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus deich mbanlámh ar airde.

2. Rinne sé an mhuir de mhiotal leáite, deich mbanlámh ó chiumhais go ciumhais, déanamh cruinn uirthi agus í cúig bhanlámh ar airde; dorú tríocha banlámh ar fhad a thomhais a himlíne.

3. Timpeall uirthi go léir thíos fúithi, bhí ainmhithe mar a bheadh daimh; ghabh siad timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh, agus na daimh ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile.

4. Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n‑aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n‑aghaidh siar, trí cinn agus a n‑aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n‑aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthusan, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile.

5. Bhí sí dorn ar tiús agus ba ar chuma ciumhais cupáin a bhí a ciumhais, mar bhláth. Bhí lán trí mhíle folcadán inti.

6. Rinne sé deich mbáisíní agus leag cúig cinn díobh ar dheis, agus cúig cinn ar chlé, le haghaidh an íobartaigh don uileloscadh a ní ansiúd; ba do na sagairt le hionladh inti an mhuir.

7. Rinne sé na deich gcoinnleoirí óir mar a bhí leagtha síos agus chuir sé suas iad i halla an Teampaill, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé.

8. Rinne sé deich gcinn de bhoird, agus chuir i halla an Teampaill iad, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé. Rinne sé céad babhla óir.

9. Rinne sé cúirt na sagart, agus an chúirt mhór, agus geataí na cúirte agus chumhdaigh sé na geataí le cré-umha.

10. Chuir sé an mhuir ar dheis beagán sa chúinne thoir ó dheas den Teampall.

11. Rinne Húrám na luaithreáin, na sluaistí, agus na babhlaí. Thug sé an obair go léir a rinne sé don rí Solamh i gcomhair Theampall Dé chun críche:

12. an dá cholún, an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún, an dá shraith fhiolagráin ag cumhdach an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún;

13. an ceithre chéad pomagránait don dá shraith fiolagráin; bhí na pomagránaití ar gach ceann de na fiolagráin in dhá sraith (leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach);

14. na [deich] seastáin agus na deich mbáisíní ar na seastáin;

15. an aon mhuir agus an dá dhamh dhéag faoin muir;

16. na luaithreáin, na sluaistí, na gabhla agus na gréithe go léir a ghabh leo siúd a rinne Húrám Áibí de chré-umha líofa do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna.

17. Rinne an rí iad seo trí ghaineamhtheilgean i ndúiche na Iordáine idir Sucót agus Zaraedá.

18. Rinne Solamh an oiread sin de na gréithe sin go léir nár tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha a chuaigh iontu.

19. Rinne Solamh na gréithe go léir a bhí i dTeampall Dé: an altóir óir, na boird do bhuilíní na láithreachta,

20. na coinnleoirí lena lóchrainn d'ór fíre le lasadh os comhair an tsanctóra mar a ordaíodh;

21. na bláthanna ornáideacha, na lóchrainn, agus an teanchair, d'ór fíre;

22. na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, na túisteáin, d'ór fíre; doras an Teampaill, na doirse inmheánacha don áit shárnaofa, agus doirse halla an Teampaill, d'ór fíre.