Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 36:7-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Thug Nabúcadnazar leis go dtí an Bhablóin chomh maith cuid de ghréithe Theampall an Tiarna agus chuir ina phálás sa Bhablóin iad.

8. An chuid eile de stair Iahóiácaím, na nithe náireacha a rinne sé, agus a fuarthas amach faoi, tá siad scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá. Tháinig Iahóiácaín a mhac i gcomharbacht air.

9. Bhí Iahóiácaín ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí bliana agus deich lá i réim in Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

10. In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.

11. Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i réim, agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim.

12. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, a Dhia. Níor umhlaigh sé é féin i láthair Irimia an fáidh a labhair ó bhéal an Tiarna féin.

13. Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D'éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.

14. Na príomhshagairt go léir, agus an pobal go léir chomh maith, bhí siad thar a bheith mídhílis, agus rinne siad aithris ar nósanna gránna na gciníocha, agus thruailligh siad Teampall an Tiarna a choisric sé in Iarúsailéim.

15. An Tiarna, Dia a n‑aithreacha, chuir sé teachtairí chucu gan stad gan staonadh mar go raibh trua aige dá phobal agus dá áit lonnaithe.

16. Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.

17. Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 36