Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 36:21-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: “Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.”

22. Chun go gcomhlíonfaí an focal úd a dúirt an Tiarna trí bhéal Irimia, an chéad bhliain dá raibh Cíoras i gcoróin na Peirse, spreag an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse i dtreo gur chuir sé fógra amach ar fud a ríochta go léir agus gur chuir sé é i scríbhinn freisin, mar leanas:

23. “Seo mar a deir Cíoras rí na Peirse: ‘An Tiarna, Dia neimhe, thug sé ríochtaí uile an domhain dom agus chuir sé do chúram orm teach a thógáil dó in Iarúsailéim in Iúdá. Duine ar bith dá phobal atá in bhur measc, go raibh an Tiarna a Dhia leis! Téadh sé suas!’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 36