Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 36:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D'éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.

14. Na príomhshagairt go léir, agus an pobal go léir chomh maith, bhí siad thar a bheith mídhílis, agus rinne siad aithris ar nósanna gránna na gciníocha, agus thruailligh siad Teampall an Tiarna a choisric sé in Iarúsailéim.

15. An Tiarna, Dia a n‑aithreacha, chuir sé teachtairí chucu gan stad gan staonadh mar go raibh trua aige dá phobal agus dá áit lonnaithe.

16. Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.

17. Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.

18. Soithí uile Theampall Dé, idir bheag agus mhór, seoda theach an Tiarna, agus seoda an rí agus na dtaoiseach, thug sé iad go léir leis go dtí an Bhablóin.

19. Loisceadar Teampall Dé, agus réab siad ballaí Iarúsailéim, agus chuir siad a páláis go léir trí thine, agus mhill siad a soithí luachmhara go léir.

20. Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 36