Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 36:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thóg muintir na tuaithe Iahóácház mac Ióisíá agus rinne siad rí de in Iarúsailéim i gcomharbacht ar a athair.

2. Bhí Iahóácház trí bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim.

3. Bhain rí na hÉigipte an choróin de in Iarúsailéim agus leag sé cáin de chéad tallann airgid agus tallann óir ar an tír.

4. Ansin rinne rí na hÉigipte rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim d'Eiliácaím, deartháir Iahóácház, agus d'athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug Neaco a dheartháir Iahóácház leis agus thug go dtí an Éigipt é.

5. Bhí Iachóiácaím cúig bliana agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim i Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna a Dhia.

6. Rinne Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ionsaí air, chuir geimhleacha air, agus thug leis go dtí an Bhablóin é.

7. Thug Nabúcadnazar leis go dtí an Bhablóin chomh maith cuid de ghréithe Theampall an Tiarna agus chuir ina phálás sa Bhablóin iad.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 36